Luathshaol

Rugadh Prionsias Ó Rian sa bhliain 1902 agus togadh é i mBaile na Tóna,
Contae Luimní. Ba mhúinteoirí scoile iad a thuismitheoirí, Vere Ryan agus
Annie Slattery. Ba é Prionsias an seachtú duine clainne ann. Chuaigh se go scoil ina raibh sé faoi thionchar na sagairt agus ag an am seo bhí sé ag iarraidg dul isteach sa tsagartacht ach ní ndeachaigh sé faoi dheireadh. Rinne sé staidéir ar an Léann Ceilteach sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath (UCD). I rith an t-am a chaith sé san ollscoil i mBaile Átha Cliath bhí sé an-gníomhach leis an gCumann Gaelach ar an gcampas, agus bhí sé ina reachtaire sa bhliain 1923.

Chomh maith leis sin fuair sé bonn óir i gcomórtas óráidaíochta leis an
gcumann. Bhí an Cogadh Cathartha na hÉireann faoi lán seol ag an am seo, agus d’fhág Ó Riain chun a bheith ag troid ar son na cúise. Throid sé leis an tArm Phoblacht na hÉireann leis an mBriogáid Oirthear Luimní. Gortaíodh é i rith an cogaidh agus cuireadh é i bpriosúin. Tar éis an cogaidh agus an
frithréabhlóid d’fhill sé ar ais go hollscoil agus thosaigh sé ag scríobh.

Bhí se ina scríbhneoir agus eagarthóir leis an nuachtán poblachtach An Realt. Chomh maith leis sin thosaigh sé ag múineadh Gaeilge i Scoil Mhuinseo (Scoil Protastúnach), agus bhí sé ag obair leis Conradh na Gaeilge. Bhí sé fós gníomhach leis an tArm Phoblacht na hÉireann ag an am seo, ach d’fhás a
shuim i sóisialachas mar bhuail se leis Peadar O’Donnell. Bhí an beirt acu ag iarraidh fronta aontaithe a chrutú mar bhí imní orthu faoi theacht chun cinn an faisisteachais. Bhunaigh siad an Chomhdháil Phoblachtach mar fronta aontaithe i gcoinne faisisteachais.

An Chomhdháil Poblachtach

Sa bhliain 1933 leis Peadar O’Donnell agus George Gilmore bunaíodh Ó Riain An Chomhdháil Phoblachtach ar an mbonn sin thosaigh an gluaiseacht nua seo ag obair leis an lucht oibre agus feirmeoirí bheaga chun sóisialachas a bhunú in Éireann agus chun an tír a chosaint óna lenite gorma. Be é poblacht na noibrithe a chrutú mar chuspóir acu, dúirt siad ‘We believe that a republic of a united Ireland will never be achieved except through a struggle which uproots
capitalism on its way.’ Chreid siad go díograiseach i lánstaonadh ó Theach
Laighean. Chomh maith leis sin, ba ghluaiseacht frith-seicteach é An
Chomhdháil Phoblachtach agus bhí daoine as an bpobal Protastúnach i láthair ag an gcomóradh Wolfe Tone i mBaile Uí Bhuadáin ag mairseáil. Níor éirigh an gluaiseacht go maith de bharr achrann inmhéanach ach d’eagraigh siad daoine chun dul go Spáinn chun an fód a sheasamh in aghaidh Franco agus
faisisteachas.

Cogadh Cathartha na Spáinne

Nuair a bhriseadh amach an Cogadh Cathartha na Spáinne rinneadh feachtas bolscáireachta ag an Éaglais in Éirinn ag tacú Franco. Tosaíodh nuachtáin ag foilsiú altanna i bhfábhar na Naisiúinaithe sa Spáinn. Chomh maith leis sin eagraíodh Eoin O’Duffy briogáid chun dul go Spáinn chun a bheith ag troid ar son na Náisiúinaithe. Cuireadh é seo buartha ag an dream sóisialacha in Éirinn, an Chomhdháil Phoblachtach ina measc.

Sa bhliain 1936 chuaigh Ó Riain agus thart 80 daoine eile go Spáinn agus chuaigh siad isteach sa Bhriogáidí
Idirnáisiúnta mar “Connolly Colum” agus throid siad leis an mBriogáid Abraham Lincoln agus bhí Ó Riain ina cheannfort. Throid sé sa Cath Jarama agus gortaíodh é. Mar sin de chuaigh se ar ais go hÉireann chun scíth a fháil.

Nuair a fhilleadh sé go Spáinn gabhadh é ag saighdúirí Iodáilaise agus gearradh
pionós an bháis air ach laghdaíodh é seo go dtí priosúnacht saoil. Fuair sé bás agus é i bpriosún sa Ghearmáin.

Focail Scoir

Mar phoblachtaigh sóisialacha ba choir dúinn fronta aontaithe eile a chrutú chun
an fód a sheasamh in aghaidh faisisteachais. Ba choir dúinn inspioráid a thógáil ó Phrionsias Ó Riain agus a chomráidaithe sa Chomhdáil Phoblachtach mar tá
faisistí ag iarraidh fuath agus ciníochas a scaipeadh in Éirinn sa lá ata inniu.

Is féidir linn faisisteachas a scriosadh le chéile agus poblacht na noibrithe a chrutú le chéile. “El fascismo quiere conquistar Irlanda, Irlanda sera el tumba del fascismo, No Pasaran”