Na háiteanna Gaeltachta sa bhliain 1926


Le Domhnall Mac Giolla Easpuig

   Sa nuacht cloisimid faoin Acht na Gaeilge sa Tuaisceart. Tá Sinn Féin, Páirtí Comhghuaillíochta (Alliance Party) agus páirtithe eile ag lórg reachtaíocht teanga sna Sé Chontae chun cearta lucht na Gaeilge a chosaint, agus an teanga a neartú. Ar an taobh eile tá na hAontachtóirí, UUP, TUV, DUP srl, srl, i gcoinne aon reachtaíocht teanga mar creideann siad go bhfuil an Béarla an t-aon teanga oifigiúil sa Tuaisceart, agus tá easpa rialtais de bharr an cruachás seo le dhá bhliain anuas.  Chreid mé féin sa chúis seo roinnt bhliain ó shin. Má thagann an reachtaíocht seo i bhfeidhm sa Tuaisceart, a chreid mé, beadh an teanga agus na cainteoirí sábháilte. A mhalairt ar fad atá fíor! Féach ar stair an Saorstáit. Nuair a bunaíodh an Saorstát ba í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil na tíre sa Bhunreacht, agus bhí reachtaíocht teanga againn. Áfach, bhí an Ghaeilge ag laghdú sa tír seo ón tús an naoú haois déag, agus sa bhliain 1922 nuair a fuaireamar ár “neamhspleachas” lean an laghdú seo ar aghaidh ach bhí an locht ar méanaicme seachas na Sasanaigh an am seo. Beidh an alt seo ag anailisiú an drochbhainistiú na Gaeilge ón bunú an Saorstáit, agus an dóchas gan údar a a thugann Acht na Gaeilge.

   Nuair a bunaíodh an Saorstát, rinneadh an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil na tíre, agus glacadh an Béarla mar theanga oifigiúil eile. Seo mar a bhfuil sé sa Bhunreacht.

8.1 ‘Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í,

8.2 ’ Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile’.

De bharr an ráiteas seo, ón mBunreacht 1922 bhí an stádas chéanna ag an nGaeilge agus ag an mBéarla, ach arís a mhalairt ar fad atá fíor! Bunaíodh an Coimisiúin na Gaeltachta sa bhliain 1926 chun na limistéir na Gaeilge in Éirinn a bhunú go hoifigiúil. Féach ar an léaráid thíos chun na háiteanna Gaeltachta sa bhliain 1926 a féiscint.

   Tá an Ghaeilge i bhfad níos láidre ansin ná mar a bhfuil sé inniu. Bhí an teanga an-láidir san iarthar go háirithe i gContae na Gaillimhe, i gContae Mhaigh Eo, agus Contae an Chláir. Comh maith leis sin, bhí áiteanna eile le pobal Gaeilgóirí, Ros Comáin, Tír Eoghan, agus i gCabhán. Céard a tharla? Bhuel nuair a bunaíodh an Saorstát níor athraigh aon rud i ndáiríre ar an talamh. Bhí  méanaicme an tSaorstáit i gcéannas sa tír, an aicme garastúin. Ní raibh suim mór ag na daoine seo, daoine ar nós W.T Cosgrave. Ba chaipitlithe iad amach is amach, agus ó thaobh na caipitlithe de, ní raibh aon brabús le déanamh air. Comh maith leis an déacracht sin, bhí an tír seo ag stréachailt leis bochtanas. Den chuid is mó, bhí lucht labhartha na Gaeilge ina gcónaí i gceantair beo bocht. De bharr an bochtanas seo tosaíodh daoine ag foghlaim an Béarla chun a bheith abálta dul ar imirce go Meiriceá nó Astráil. Tháinig meath ar  daonra na Gaeltachta, agus mar sin, líon na gcainteoirí laethiúil i limistéir Gaeltachta. Sa bhliain 1920 bhí thart milliúin Éireannaigh ina gcónaí i Meiriceá. De bharr an bochtanas, agus imirce bhí an Ghaeilge marbh sa Ghaeltacht Ó Méith i gContae an Lú faoin bhliain 1950, bhí an pobal lucht labhartha na Gaeilge i Rós Comáin, Dubhghlás De hÍde ina measc, marbh comh maith. Díscaoileadh Gaeltacht an Chláir ag an Rialtas sna seascaidí, cé go raibh daoine le Gaeilge fós ina gcónaí ann! Tá Gaeltacht néamhoifigiúil fós beo i gContae an Chláir agus bíonn said ag troid ar son aitheantas ón Rialtas.

   Luaigh an t-alt seo an idirdhealú a bhfuair an Ghaeilge san aois seo chaite, áfach, tá sé fós ar siúl sa lá atá inniu, agus tá roinnt samplaí a anailisiú. Sa bhliain 2000 d’fhoilsigh an t-Údarás Comhionnanas leabhrán faoi comhionnanas in Éirinn agus idirdhealú. Áfach bhí an leabhrán go hiomlán tríd Bhéarla agus níor luaigh sé an idirdhealú a bhfaigheann an lucht labhartha na Gaeilge gach uile lá ón ranna rialtais. Comh maith leis seo, sa nuacht faoi láthair tá an comharleoir néamhspléach Diarmaid Ó Cadhla ag iarraidh a chás cúirte a dhéanamh go hiomlán tríd Ghaeilge. Duirt an cúirt go bhfuil an céart seo ach ar fail do chainteoirí as cheantair Ghaeltachta, cé go bhfuil an Ghaeilge ina céad teanga oifigiúil na tíre seo. Seo fianaise faoin idirdhealú na Gaeilge, tá an teanga faoi chosaint sa Bhunreacht agus leis Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ach níl muintir na hÉireann in ann ár dteanga ducháis féin a úsáid sna cúirteanna.

  Deir lucht Sinn Féin sa mean-cumarsáide go gcosnódh Acht na Gaeilge Gaeilgeoirí sna Sé Chontae. Níl aon fianaise ann le tacú an ráiteas seo. Tá rud éigin níos radacach ag teastáil uainn. Ba choir dúinn ár ranganna féin a bhunú chun an teanga a chur ar áis i mbéal an phobal. Ba choir go mbeadh Oifigeach na Gaeilge ag gach eagraíocht an lucht oibre chun an teanga a néartú san eagraíocht. Is féidir linn an tír seo a athghaelú le céimeanna bheaga.